Nuacht

Margadh Leabhar

 

Beidh an comhlacht 'Celtic Travelling Books' ag teacht chun na scoile ón 2ú - 6ú Nollaig.

Go leor smaointí dona bronntanais Nollag ar fáil !!

 

Ciseáin Nollag

 

Beidh gach rang ag cur ciseán Nollag le chéile don aonach. Téama difriúil ag gach rang. Iarraimid ort rud éigin beag a sheoladh isteach a bhaineann leis an dtéama sin.

 

 

 

Téama Múinteoirí -  Aisling, Richella :

Cailín aois 4-7



Téama Múinteoirí -  Áine, Deirdre Nic :

Buachaill aois 4-7

 

Téama Múinteoiri - Deidre, Ailíse :

Buachaill aois 7-12

Téama Múinteoiri - Cáit:

Cailín aois 7-12

Téama Múinteoiri - Andrea, Karen:

Cistin

Téama Múinteoiri - Colm, Máire:

Gairdín

Téama Múinteoiri - Ornat, Robert:

Ealaín

 

Scipeatón 2013

Táimid an-bhuíoch as ucht bhur gcuid tacaíochta ar fad!  Bhain na páistí an- taitneamh as an lá agus bhailíomar €4300.

 

Eircom Spider Awards 2013

 

Táimid an-bhródúil asainn féin.

Is breá linn pobal na scoile agus an phobal i gcoitinne a choinneáil ar an eolas faoin obair iontach a bhíonn ar siúl sa scoil chomh maith le heolas ginearálta a roinnt leis an bpobal domhanda fúinn.Táimid ar ghearr liosta le suíomhanna idirlín iontacha eile. Seo linn chuig an mbronnadh ar an 28ú Samhain.

 

Comórtas 'Repak' 2013

 



 

Seoinseáil an Aoine

Bailimid seoinseáil gach Aoine.  Lean oraibh leis an seoinseáil sin.  Is breá linn é!

 

An Ghaeilge

 

Úsáid do chuid Gaeilge nuair a bhíonn tú timpeall na scoile led' thoil. Cruthaíonn sé seo atmasféar dearfach i dtreo na teanga i measc Pobal na scoile. Chomh maith is breá le páistí daoine fásta a chloisteáil ag déanamh iarracht. Go raibh maith agat.

 

Lóin Folláin

Tá polasaí lóin folláin sa scoil. Déan cinnte go mbíonn torthaí, glasraí, ceapairí ag do pháiste. Ní ceadaítear seacláid, criospaí etc.

 

Mamailínigh

Mamailínigh - Is grúpa de thuismitheoirí agus pháistí réamh scoile é seo a chasann ar a chéile gach maidin Dé Luain sa halla. Déanann siad gach iarracht chun Gaeilge a labhairt lena chéile.   Fáilte roimh chách!


 

Meitheal Oibre

Gach Céadaoin sa scoil 9-10am. Bíonn céad míle fáilte roimh thuismitheoirí sa scoil chun cabhrú le heagrú leabhair, le garraíodóireacht, le  comhaireamh airgid etc.

 

Éide Scoile 2013


Is iad Pat O’ Farrell soláthraithe oifigiúla na scoile. Roghnaigh an Bord Bainistíochta agus coiste na dtuismitheoirí iad ar na fáthanna seo:
•    Déantar gach ball éadaigh in Éirinn. Mar sin tá postanna á gcoinneáil sa tír agus táimid cinnte go bhfuil na hoibrithe a rinne na héadaí ag obair faoi rialacha dochta.
•    Tá caighdeán ard ’sna héadaí.
•    Tá Pat O’ Farrell ag soláthar éadaí scoile le os cionn 20 bliain. Mar sin is féidir braith orthu.
•    Is féidir an éide a cheannach ar líne agus tá an postas saor in aisce.

http://www.patofarrellschoolwear.ie/

 

Neamhláithreachas

 

Nuair a bhíonn do pháiste as láthair scríobh nóta chuig an múinteoir ag insint cén fáth a raibh sé/sí as láthair. Níl aon ghá glaoch ar an oifig.

 
More Articles...
Logáil Isteach



We use cookies to improve our website and your experience when using it. Cookies used for the essential operation of the site have already been set. To find out more about the cookies we use and how to delete them, see our privacy policy.

I accept cookies from this site.

EU Cookie Directive Module Information