Nuacht

Airgead chuig Nepal

 

Ar an 25 Aibreáin, bhí crith talún i Nepal. Scriosadh teach agus gach uile maoin saol a bhí ag Mamó agus Daideo beirt pháiste inár scoil. Faoi láthair tá mamó agus Daideo ina gcodladh i bpáirc. Níl aon rud acu agus níl na seirbhísí slándála tagtha chomh fada leo go fóill.

Tá an séasúr báistí tosaithe agus tá an saol an-chrua orthu. Beidh Daidí na bpáistí ag dul chuig Nepal go luath chun cabhrú lena thuismitheoirí leis an athchóiriú ar an talamh agus chun iarracht a dhéanamh teach a thógáil dóibh.

Seo mar atá teach muintir Lama faoi láthair.

 

Daideo- Jagat is ainm dó                    Mamó- Puri is ainm di.

 

D'éirigh linn €3200 a bhailiú chun tús a chur le tógail tí do mhuintir Lama. Níl anso ach tús. Má tá suim agat deontas a thabhairt dóibh, is féidir airgead a sheoladh chuig an scoil agus déanfaimid cinnte go dtéann sé díreach chuig muintir Lama.

Go raibh míle maith agaibh.

 

 

AN BHUNSCOIL IS FEARR SA TÍR 2015

Bronnadh duais 'AN BHUNSCOIL IS FEARR SA TÍR' ar an scoil ag an bhfeile scoildrámaíochta.

Is cúis bróid agus mórtais dúinn é seo.

Bhuaigh an  ceoldráma Áille agus Brúid an chéad áit sa tír sa chomórtas ceoldrámaíochta. Páistí as rang 5 agus 6 atá anseo.

Seo Rang 3 leis an dráma 'Sceitimíní Brionglóidíní'. Bhí siad i gcraobh Laighin.

Seo rang 5 agus 6 leis an gceoldrama 'Oilibhéir'. Ghlac siad páirt san fhéile Náisiúnta.

Go leor griangrafanna álainn le fáil ó Mark Newport Photography.  Glaoigh ar 0868058405.

 

Comórtas Díospóireachta 2015

Rinne rang 6 éacht nuair a bhuaigh siad an comórtas díospóireachta 'Glór'i mBaile Brigín.

Dhá rún a bhí á ndíospóireacht acu.

1. Tír gan teanga tír gan anam

2. Ní ceart go mbeadh éide scoile againn.

Bhí comórtas ann idir Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Gaelscoil Bhaile Brigín, Gaelscoil Ros Eo agus Coláiste Ghlór na Mara.

 

 

Maidin Caife ar scoil

 

 

Seachtain na Gaeilge

Rug gach páiste sa scoil greim láimhe ar an chéile chun slabhra oll-mhór a dhéanamh.  Ansin chanamar IS LEATSA I.

 

Aille agus Brúid inne i Coirm Gael Linn i mBaile Átha Cliath

https://www.flickr.com/photos/75230236@N04/sets/72157648864016504/

 

Gaelgeoir na Seachtaine 2015

 

 

Díolacháin Cacaí ar son Laura Lynn

 

Gaeilgeoir na Seachtaine 15/10/14

 

Díolacháin Cacaí ar son Laura Lynn

26ú Meán Fómhair 09:00

 

Gaeilgeoir na Seachtaine

 

Buaiteoirí Craobh na hÉireann 2014 Le Corn Sineád de Valera

 

 

 
More Articles...
Logáil Isteach



We use cookies to improve our website and your experience when using it. Cookies used for the essential operation of the site have already been set. To find out more about the cookies we use and how to delete them, see our privacy policy.

I accept cookies from this site.

EU Cookie Directive Module Information