Brat Buí

Árdú an Bhrait Bhuí

Bhí lá stáiriúil againn Dé hAoine seo chaite nuair a d'ardaigh an buachaill is óige agus an cailín is sine sa scoil ár mbrat buí.

 

Táimid thar a bheith bródúil gur éirigh linn brat buí a fháil a léiríonn go bhfuil scoil fháilteach, oscailte againn anseo i nGaelscoil an Bhradáin Feasa.  Is cuma cén creideamh atá agat nó cad as duit tá fíor-fáilte romhat inár scoil.

Bhí an-lá go deo againn ag ceiliúradh le lá ilchineálchta agus cáca blasta!

Ár gcáca buí blasta!

Taispeántas suimiúil!

An buachaill is óige agus an cailín is sine sa scoil.

Ár mbrat ar folluain.

 

An Brat Buí

 

AN BRAT BUÍ

Chuamar chuig Baile Átha Cliath chun an Brat Buí a bhailiú. Bhí gach rud buí ann fiú na cácaí!

 

Bhronn John Joe Nevin an Brat Buí ar bheirt dhalta. Bhíomar an-bhródúil!

 

Chruthaíomar go bhfuil fáilte roimh gach duine inar scoil is cuma cén cúlra óna dtagann siad. Beidh lá mór againn go luath chun an brat a ardú don chéad uair.

 

Lá Ilchineálachta

Bhí lá mór againn sa scoil Dé hAoine seo chaite.  Bhí ár gcéad "Lá Ilchineálachta" againn.  D'éirigh go hiontach leis.  D'fhoghlaim na páistí faoi tíortha eile agus chuir siad taispeántais le chéile sa halla.  Cuireadh tráth na gceist le chéile agus líon gach éinne isteach é ó bheith ag féachaint ar na tionscnaimh ar fad.

 

Tá muid an-bhuíoch do na daoine a chabhraigh linn an lá speispialta seo a chur ar siúl!

 

Lá Ilchultúrtha

Bhain rang a 1 an-taitneamh as a bheith ag foghlaim faoi Nepal an tseachtain seo. D'fhoghlaim siad faoi na traidisiúin agus na nósanna atá acu ansin. Ar an Aoine thug siad cuairt ar an halla, áit a raibh taispeantás curtha le chéile ag na ranganna go léir don lá ilchultúrtha. Ghlac siad páirt sa cheistneoir agus chuaigh siad timpeall ag foghlaim faoi na tíortha agus na cultúir difriúla.

 

 

 

Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha

Bhí lá iontach againn ar scoil inniu le cuairteoirí i ngach rang.  Tháinig tuismitheoirí agus cairde linn ag an scoil chun teangacha difriúla a mhúineadh dúinn do "Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha".  Bhí an-chraic againn ag damhsa, ag dathú, ag caint 's ag canadh!  Tá muid an-bhuíoch d'ár gcuairteoirí agus tá muid ag súil leis an mbliain seo chugainn cheana féin!

Brat na Spáinne

Ag canadh i Spáinnis

Ag foghlaim faoin tSaimbia

Ag foghlaim faoi Vítneam

"Éist agus dathaigh" sna naíonáin bheaga in Iodáilis

Fraincis i Rang 2

Damhsa sna naíonáin!

Rang 4/5 gléasta in éadaí ón tSaimbia.

 

 

 
More Articles...
Logáil Isteach



We use cookies to improve our website and your experience when using it. Cookies used for the essential operation of the site have already been set. To find out more about the cookies we use and how to delete them, see our privacy policy.

I accept cookies from this site.

EU Cookie Directive Module Information