Eolaíocht & Matamaitic

An Eolaí Óg

Ghlac R5/6 páirt san Eolaí Óg an tseachtain seo caite. "Cad é an cadhnra is fearr?"an teideal a bhí ar an tionscnamh. Mhol na moltóirí an tionscamh go hard. Táimid an-bhrodúil as ár eolaithe óga!

 

 

 

 

Lá Eolaíochta 2012

 

LÁ EOLAÍOCHTA 2012

Bhí Lá Eolaíochta againn sa scoil ar an Aoine 10 Feabhra agus gach páiste sa scoil páirteach ann.

Ar maidin, thug gach duine cuairt ar an halla áit ina raibh na taispeántais agus na turgnaimh le feiceáil.

Tháinig tuismitheoirí na scoile sa tráthnóna.

Agus bhí gach duine an-tógtha leis na turgnaimh.

Rinne paistí as gach rang cur i láthair agus d'fhreagair siad na ceisteanna.

Seo rang 4/5 ag soláthar leicreachas!

 

 

Imeachtaí Lá 2

Bhí an-spórt i rang a dó inniu agus an tSeachtain Eolaíochta faoi lán tseoil! Rinne rang Dheirdre lampaí lava ag baint usáid as ola, vinéagra, sóid bácála agus rian bia!

 

 

 

Rás na Mirliní

Tá na páistí i Rang a hAon ag baint an-taitnneamh as an Seachtain Eolaíochta.

Ba é an turgnamh a bhí leagtha síos dóibh inniu ná "rás na mirliní". Séard a bhí ann ná rás mirliní trí leachtanna difriúla.

D'úsáid siad ola, uisce agus mil mar na leachtanna chun fáil cé acu leacht go mbeadh an mirlín ag an bun ar dtús.

 

D'fhoghaim siad go ndeachaigh an mirlín tríd an uisce níos tapúla.

 

Lá na Hataí Mata

Chuireamar críoch leis an tSeachtain Mata le Paráid na Hataí Mata sa halla. Baineadh geit ollmhór as na muinteoirí nuair a chonaic muid an iarracht a rinne daoine chun hataí a dhéanamh. Bhí hataí móra, hataí beaga, hataí le huimheracha, le cruthanna, le sumaí, le patrúin, bhí ceann amhain le scála meá air fiú! Maith sibh a pháisti, rinne sibh an-jab!

 

 

 

 

 

 

 

 
More Articles...
Logáil Isteach



We use cookies to improve our website and your experience when using it. Cookies used for the essential operation of the site have already been set. To find out more about the cookies we use and how to delete them, see our privacy policy.

I accept cookies from this site.

EU Cookie Directive Module Information