Eolaíocht & Matamaitic

Déardaoin sa tSeachtain Mata

Bhí cótaí móra, hataí agus lámhainní orainn go léir inniu agus muid ag tabhairt faoi na Siulóidí Mata taobh amuigh! Ghlac gach páiste ó rang 1 go 3 páirt sna rianta mata agus bhí rang Eoghan ag déanamh mata bunaithe ar admháil ó shiopa.

 

Féach ar Rang Bláthnaid agus iad i mbun an rian!

 

 

Dé Céadaoin sa tSeachtain Mata

Lean imeachtaí ar aghaidh inniu agus ceiliúradh ar siúl ar an tSeachtain Mata!

 

Bhí rang 4 agus 5 ag déanamh puzail le pentominoes. Bhí rang a 2 sa halla ag imirt an cluiche "Déan Grúpaí". Bhí rang Deirdre ag obair ar na hataí Mata...bí ag obair ar do cheann chomh maith, tá cinn iontacha feicithe agam go dtí seo!

 

 

 

 

 

 

Seachtain Matamaitice 2011

Cuirfear tús le ceiliúradh "Seachtain Matamaitice" ar an 17ú Deireadh Fómhar. Beidh an-chuid ar siúl ag na páistí idir cluichí Mata, rianta Mata agus comórtas "Hata Mata"! Coinnigh súil amach ar an mblag  ghriangrafanna dona gníomhaíochtaí uilig!

 

 

 

Mata leis na Naíonáin Mhóra

Bhain na páistí as Rang Karen an-taitneamh as na cluichí agus tascanna mata a bhí ar siúl acu le linn na stáisiúin.Bhí siad ag féachaint ar cruthanna leis an Múinteoir Karen...

 

Rinne siad na h-uimhreacha le Múinteoir Ailíse....

agus rinne siad pátrúin leis an Múinteoir Máire.

 

 

An Duais DPS

Bhain Rang a Dó an gradam "Discover Primary Science Award of Excellence" le déanaí! Rinne siad go leor tuirgnimh is trailacha le linn na bliana ar réimse leathan topaicí agus ghlac siad páirt i gceardlann eolaíochta leis na Naionáin Mhóra chun a gcuid eolais a roinnt leo!

 

 

 

 
More Articles...
Logáil Isteach



We use cookies to improve our website and your experience when using it. Cookies used for the essential operation of the site have already been set. To find out more about the cookies we use and how to delete them, see our privacy policy.

I accept cookies from this site.

EU Cookie Directive Module Information