An Coiste Glas

 

Cuireadh an Coiste Glas le chéile i Mí Deireadh Fómhair 2009.  Thosaigh na páistí ag obair go crua chun an Brat Glas a fháil don scoil.  Thug siad cuairt ar an ionad athchúrsála VW i nDroichead Átha. D’eagraigh siad comórtas ealaíne don scoil ag baint úsáid as rudaí athchúrsáilte.  Thosaigh siad ag múineadh do na páistí eile conas bruscar a scaradh agus cheannaigh siad trí bhosca bruscair do gach rang: ceann don athchúrsáil, ceann do bhruscar agus ceann don mhuirín.  Tá ag éirí go hiontach leis an gcórás seo sa scoil.  Fuaireamar dea-scéal le déanaí go mbronnfar ár gcead brat glas orainn ar an 10ú Márta.  Beidh lá speisialta againn i bPáirc an Chrocaigh agus tiocfaimid abhaile leis an mbrat.  Tá muid ag súil go mór leis.




 
Logáil Isteach



We use cookies to improve our website and your experience when using it. Cookies used for the essential operation of the site have already been set. To find out more about the cookies we use and how to delete them, see our privacy policy.

I accept cookies from this site.

EU Cookie Directive Module Information