Ceisteanna Coitianta

Ceist: Gaelscoil. Cad é ?

Freagra: Is scoil lán-Ghaeilge í an Ghaelscoil arb í an Ghaeilge:

* Teanga 1 na scoile

* Teanga ghnó agus chumarsáide na scoile

* Teanga theagaisc agus fhoghlamtha i ngach ábhar seachas Béarla

* Teanga chaidrimh idir múinteoirí iad féin

* Teanga chaidrimh idir mhúinteoirí agus daltaí

* Teanga chaidrimh idir na daltaí féin agus i ngach rud a bhaineann le saol na scoile taobh istigh nó taobh amuigh den scoil.

Is é an luath-thumoideachas an córas oideachais a chuirtear i bhfeidhm sa Ghaelscoil. Ciallaíonn sé seo go bhfuil na daltaí báite sa Ghaeilge óna gcéad lá ar scoil. Labhróidh an múinteoir, Gaeilge amháin leis na daltaí. Tosófar ar Bhéarla a mhúineadh i Naíonáin mhóra.

Tá labhairt na Gaeilge mar chuid de chód iompair na scoile. Is trí mhealladh agus spreagadh an tslí is fearr chun an Ghaeilge a chur chun cinn – mealladh, moladh, duaiseanna, turas scoile breise, am spraoi breise etc.

 
Logáil Isteach



We use cookies to improve our website and your experience when using it. Cookies used for the essential operation of the site have already been set. To find out more about the cookies we use and how to delete them, see our privacy policy.

I accept cookies from this site.

EU Cookie Directive Module Information