Litreacha chuig an Múinteoir

Más é do thoil é déan cumarsáid linn trí Ghaeilge! B'fhéidir go gcabhródh na samplaí thíos leat agus tú ag scríobh chuig an múinteoir.

 

A mhúinteoir _________,


1) Beidh __________ as láthair ar feadh coicíse i mí Meitheamh.


2) Tá an teaghlach go léir ag dul ar saoire.


3) Níl aon obair bhaile déanta ag __________.


4) Níor bhraith __________ go ró-mhaith nuair a tháinig sí/sé abhaile ón scoil.


5) Chaith sí / sé an trathnóna sa leaba.


6) Déanfaidh sí / sé anocht é


7) Ní raibh _______ ar scoil inné mar bhí a scornach an-tinn.


8) Beidh ____________ as láthair amárach mar beidh uirthi dul go dtí an t-ospidéal chun an plástar a bhaint dá cos.


9) Beidh ________________ déanach ag teacht ar scoil amárach.


10) Tá coinne aici / aige leis an bhfiaclóir ag 9 rn.


11) Gortaíodh _____________le linn cluiche iománaíochta ar an Satharn. Tógadh go dtí an t-ospidéal é/ í , áit ar chaith sé an oíche. Tá orainn dul ar ais go dtí an t-ospidéal inniu chun x-ghathú a fháil ar a chos chlé
.


12) Tá deilgneach ar ___________. Dúirt an dochtúir liom í/é a choimeád ón scoil ar feadh coicíse.


13) Tá plúchadh ar _______agus níl cead aige / aici ag rith.


14) Thit __________ anuas den rothar agus ghortaigh sé/sí a ghlúin. Níl siúl ceart aige/aici go fóill agus tá air / uirthi maidí croise a úsáid.


15) Bhris ________caol a láimhe agus ní bheidh sé/sí in ann scríobh ar feadh cúig seachtaine.


16) Níl aon obair bhaile déanta ag __________. Leag sé cupán tae te anuas air/uirthi féin. Dódh a lámh agus bhí orm dul go dtí an Aonad Timpiste agus Éigeandála leis. Bhí sé déanach nuair a thángamar abhaile.


17) Níl aon léitheoireacht déanta ag _________.


18) Tá spotaí dearga ar aghaidh _____. Níl siad tógálach.
There are red spots on ___________ face. They are not contagious.


19) Níl aon Mhata déanta ag ___________ mar ní raibh an leabhar in a mála.

Le gach dea-ghuí,

 
Logáil Isteach



We use cookies to improve our website and your experience when using it. Cookies used for the essential operation of the site have already been set. To find out more about the cookies we use and how to delete them, see our privacy policy.

I accept cookies from this site.

EU Cookie Directive Module Information